Coiste Gaeilge Laighin

gaa 001

Fáilte romhat isteach ar Shuíomh Idirlín Choiste Gaeilge Chomhairle Laighean den Chumann Lúthchleas Gael.

Suíomh tacaíochta Gaeilge d’Oifigigh Ghaeilge agus do chlubanna CLG i gCúige Laighean é seo.

This site is an information resource for GAA Irish Language Officers and clubs in Leinster.

Focal ón gCathaoirleach

Séamus Ó hÚilín

Tá áthas orm fáilte a chur romhaibh go dtí an suíomh tacaíochta seo. Mar is eol daoibh, tá iarrachtaí ar siúl ag Oifigigh Ghaeilge, ag Rúnaithe agus ag oifigigh eile de chuid na gclubanna agus na gCoistí Contae an Ghaeilge a chur chun cinn ina gclub féin agus i measc na gclubanna ina gcontae le fada an lá. Obair an-tábhachtach is ea an obair sin agus is mór mo mheas ar lucht a déanta.

Mar iarracht chun cabhrú leis na daoine sin is ea a bunaíodh an suíomh seo agus tá sé ann anois le breis is bliain anuas. Tá a fhios agam go maith gur cabhair mhór phraiticiúil é an suíomh ó thaobh tacú le hiarrachtaí na ndaoine go léir atá páirteach san obair agus cuireann sé gliondar croí orthu go bhfuil an tacaíocht sin ar fáil dóibh. Tá idir eolas agus mholtaí ann agus is maith an tús é. Mar is eol dúinn go léir — tús maith leath na hoibre.

Ar an suíomh seo www.cgl.ie tá ábhar ar fáil chun cabhrú freastal ar riachtanais daoine éagsúla, idir óg agus aosta, idir oifigiúil agus neamhoifigiúil, agus chun cabhrú leo an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn ina gcuid gníomhaíochtaí. Dar ndóigh, má tá smaointe nua ag aon duine agaibh le haghaidh an tsuímh seo, beidh gliondar orainn iad a chloisteáil uaibh. Ba mhaith linn an suíomh seo a fhorbairt i rith an ama, bunaithe ar na moltaí agus na smaointe a bheidh faighte againn uaibh.

Sampla eile den chabhair is féidir libhse a thabhairt dúinne chun an suíomh seo a fhorbairt is ea alt a chur isteach chugainn le haghaidh ‘An Club S’Againne’ nó grianghrafanna nó tuairiscí faoi imeachtaí, nó ábhar le haghaidh ‘Cúinne na nÓg’.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do Choiste na Gaeilge as an obair bhreá atá ar siúl acu agus gach rath a ghuí ar an obair sin.

Rath oraibh,

Séamus Ó hÚilín,
Cathaoirleach Chomhairle Laighean.

Bunchuspóir an Choiste

Cabhrú le hoifigigh Ghaeilge na gContaetha agus na gClubanna an Ghaeilge a chur chun cinn i measc imreoirí, riarthóirí agus chairde na gClubanna trí chomhordú a dhéanamh ar a gcuid oibre, faisnéis a dháileadh agus gníomhaíocht a spreagadh.

Coiste Gaeilge Chomhairle Laighean clg

  • Máire Ní Cheallaigh
  • Vivian Uíbh Eachach
  • Ciarán Ó Feinneadha
  • Séamus Ó Beirne
  • Brian Ó Cléirigh
  • Cathal Seoighe