Téarmaíocht le haghaidh cruinnithe
- Tús a chur le cruinniú ....Beginning a meeting
- Fáilte romhaibh / Dia dhaoibh, a dhaoine uaisle. Ós rud é go bhfuilimid go léir i láthair, féadfaimid tús a chur leis an gcruinniú. ....Welcome, ladies and gentlemen. As we are all here, we can begin the meeting.
- Fáiltiú agus cur in aithne ....Welcoming and introducing
- Tá áthas orm/orainn fáilte a chur roimh .... chuig cruinniú an lae inniu. Ba mhaith liom/linn .... a chur in aithne daoibh. ....It is a pleasure to welcome (name) to the meeting today. I would like to introduce (name) to you.
- Cuspóirí a chur in iúl ....Stating objectives
- Táimid anseo inniu/anocht chun .... ....We are here today/tonight to....
- Ba mhaith liom a chinntiú .... ....I would like to ensure that ....
- Is é an príomhrud atá le déanamh ná .... ....Our main aim is to ....
- Thionóil mé an cruinniú seo chun .... ....I have called this meeting in order to ....
- Leithscéal ó dhaoine nach mbeidh i láthair....Apologies for absence
- Is oth liom nach mbeidh .... i láthair ag an gcruinniú. ....Unfortunately, .... will not be attending the meeting.
- Is oth liom nach féidir le .... a bheith anseo. ....I’m afraid .... cannot be here.
- Miontuairiscí a léamh ....Reading the minutes
- Ba mhaith liom dul siar ar mhiontuairiscí an chruinnithe deiridh. ....I would like to go over the minutes of the last meeting.
- Seo iad na miontuairiscí ón gcruinniú deiridh a bhí againn. ....Here are the minutes of the last meeting we had.
- Forbairtí reatha ....Current developments
- Cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an bplean? ....What progress has been made in relation to the plan?
- An bhfuil an tuarascáil sin curtha i gcrích? ....Has that report been completed?
- Dul ar aghaidh leis an gcruinniú....Moving on with the meeting
- Féadfaimid dul ar aghaidh le clár an lae inniu. ....We can continue on with today’s agenda.
- Mura bhfuil aon ghnó eile ann, ba mhaith liom dul ar aghaidh go dtí an clár. ....If there is no other business I would like to press on with the agenda.
- An bhfuil cóip den chlár ag gach duine? ....Does everyone have a copy of the agenda?
- Ba mhaith liom plé leis an ábhar san ord ina bhfuil sé ar an gclár. ....I would like to deal with matters as they are listed on the agenda.
- Mura miste libh, fágfaimid mír 2 agus rachaimid ar aghaidh go dtí mír 3. ....If you don’t mind, we’ll skip item 2 and go ahead with item 3.
- A Sheáin, an bhféadfása na miontuairiscí a ghlacadh, le do thoil? ....Seán, could you take the minutes, please?
- Cuirfidh .... an tuarascáil i láthair. ....will present the report.
- Beidh cúig nóiméad againn chun gach mír faoi seach a phlé. ....We will have 5 minutes for discussion of each item.
- Tá go maith, tosóimid le mír 1. ....Alright, we’ll get started with item 1.
- Sílim go bhfuilimid críochnaithe leis an ábhar sin. ....I think we are finished with that matter.
- Beidh vótáil againn ar an ábhar / ar an gceist.....We will have a vote on the matter / question.
- Deireadh a chur leis an gcruinniú....Finishing the meeting
- Sula gcuirfidh mé deireadh leis an gcruinniú, seo iad na príomhphointí a phléamar. ....Before we finish, here is a summary of the main points we discussed.
- Mura bhfuil aon ghnó eile ag aon duine, féadfaimid deireadh a chur leis an gcruinniú. ....If there is no other business, we can finish the meeting.
- An bhféadfaimis dáta a réiteach don chéad chruinniú eile? ....Can we set a date for the next meeting?
- Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil libh as a bheith i láthair. ....I would like to thank you for attending.
- Go mbeirimid beo ar an am seo arís! ....May we be alive at this time next year.
- Ábhar....Subject
- Achoimre....Summary
- Airgead....Money
- Bliantúil....Annual
- Brainse....Branch
- Buiséad....Budget
- Caiteachas....Expenditure
- Comhalta....Member
- Cathaoirleach....Chairperson
- Ceist....Question
- Cinneadh....Decision
- Cisteoir....Treasurer
- Clár....Agenda
- Cláraigh....to Register
- Comhairle....Advice
- Comhalta....Member
- Comhoibriú....Co-operation
- Comhordú....Co-ordination
- Córam....Quorum
- Cumarsáid....Communication
- Cumhacht....Power
- Cur ar Athló....to Adjourn
- Cur faoi Bhráid....to Submit, Present to,
- Cur i Láthair....to Present
- Cuspóir....Objective
- Deonach....Voluntary
- Díospóireacht....Discussion
- Dlí....Law
- Diúltaigh....Refuse
- Eagraigh....Organise
- Éifeachtach....Effective
- Éisteacht....Hearing
- Fodhlí....Bye-Law
- Fógra....Notice
- Freagra a Thabhairt....to Answer
- Freastal ar....to Attend
- Ginearálta....General
- Gnáth-....Ordinary
- Halla....Hall
- I gCeannas....in Charge
- I Láthair....in Attendance
- Imeachtaí....Proceedings
- Lámhleabhar....Handbook
- Leas-....Vice, Deputy
- Miontuairiscí....Minutes
- Míosúil....Monthly
- Moladh....Proposal
- Nós Imeachta....Procedure
- Oifigeach....Officer, Official
- Óráid....Speech
- Poiblí....Public
- Príobháideach....Private
- Ráiteas....Statement
- Rialacha....Rules
- Rún....Resolution / Motion
- Rúnaí....Secretary
- Seomra....Room
- Speisialta....Special
- Treoirlínte....Guidelines
- Údarás....Authority
- Vóta....Vote
- Searmanas....Ceremony
- Teachtaireacht....Message
- Tosaíocht....Priority
- Treoirlínte....Guidelines
- Tús a Chur le....to Start / Begin
- Vótáil....to Vote