Ársa agus Nua-Aoiseach

(17 Mar 2014)

The following article, from Mártan Ó Ciardha, will appear in the official match programme for the All-Ireland Club Finals, which will be played at Croke Park on St. Patrick's Day.

 

Tabhair faoi deara gur le blianta beaga a d’éirigh le foirne na hiománaíochta atá anseo i bPáirc an Chrócaigh inniu craobhacha a gcontae a bhuachan don chéad uair, ach gur a mhalairt scéil atá ag na peileadóirí agus aisteach go leor go bhfuil an bhliain 1888 tábhachtach sa stair a bhaineann leo siúd.

Ba sa bhliain sin a thug Mistéalaigh Chaisleáin a Bharraigh Craobh Mhaigh Eo leo don chéad uair, craobh atá buaite acu 27 uair eile ó shin - é le rá ag duine de na peileadóirí ba cháiliúla a chaith a ngeansaí riamh, Josie Munnelly, gur bhailigh sé féin 12 bonn idir 1941 agus 1956. Ní iontas go bhfuil ceann de pháirceanna imeartha na Mistéalach ainmnithe in omós dó.

Tá stair Naomh Uinsionn agus stair Scoil Iosaif, a bunaíodh i Marino in 1888, fite, fuaite ina chéile. In áras arbh leis an Iarla Charelmont é a bunaíodh an scoil. “Deo Duce, ferro comitante” (“Dia mar threoraí agus mo chlaíomh, mar chompánach”), an manna a bhí ag na Charlemonts. Is iad dá fhocal is túisce manna na scoile i gconaí agus tá an péire is deireanaí le feiceáil ar an suaitheantas atá ar gheansaithe Naomh Uinsíonn .

Faoin am ar bhuaigh Port Omna Chraobhchomórtas Sinsear Iomána na Gaillimhe don chéad uair i 2003, bhí os cionn 50 craobh peile bailithe eatarthu ag na Mistéalaigh agus ag Naomh Uinsionn. Ach nuair a thug siad Corn an Chontae agus Craobh na Gaillimhe chuig an mbaile ar bhruach na Sionainne ag deireadh na bliana seo caite, b’sin an 6ú uair an ghaisce déanta ag Port Omna in imeacht 12 bliain. B’fhéidir go mba as an gcrann darach (nó an crann omhna mar a thugtar freisin air) a baisteadh Port Omna, ach is í an fhuinseog atá ag tarraingt cáile anois ar an áit !

Níor shroich Raonaithe Stua Laighean cluiche ceannais iomána Cheatharlach go dtáinig 2001 agus níor bhuaigh siad é go dtáinig 2006. Ach le 9 mbliana anuas is iad curaidh nó táinistí an chontae. Go dtí le fíor-ghairid, d’fhág na rialacha a bhí i bhfeidhm go mba i gCraobhchomórtas na gClubanna Idirmheánacha a rinne siad iomaíocht taobh amuigh dá gcontae –agus go deimhin bhuaigh siad Craobh na hÉireann sa ghrád sin i 2012.

***

le blianta beaga = relatively recently
a mhalairt scéil = the opposite
fite, fuaite = intertwined
áras = building
manna = motto
claíomh = sword

***



Bookmark and Share


Search

Search - Use spaces to separate your keywords
Image
Image

Contaetha

© 2018 Coiste Gaeilge Laighean
  • f/c Comhairle Laighean CLG,  Portlaoise,  Contae Laoise.  
  • Fón: +353 57 8682000
  • R-Phost: cgl@cgl.ie