Áth Cliath v Dún na nGall

(29 Aug 2014)

Le Brian Ó Diarmada (Brian Darby)

Ar dtús, bheadh sé míchothrom ar mo shon chun tús a chur ar an bpíosa seo gan cúpla focal faoin gcluiche thar bharr a chuireadh ós ár gcomhair an tseachtain seo caite i gCeannáras an Chumainn Lúthchleas Gael. Is fada i mbliana a bhíomar ag fanacht le cluiche chomh iomaíoch, spleodrach agus teasaí. Ní ab fhéidir iad a scarúint ón a chéile sa deireadh ach bhí go leor seansanna ag an dá fhoireann an bearna a mheadú agus an bua a bhaint amach. Anseo is ansiúd, d’ealraigh sé go raibh an bheirt acu i ngearchéim ach ar an taobh eile bhí siad ar chomhscór le linn tréimhsí fhada. Aisteach go leor. Nuair a bhí an tseilbh ag duine éigin, is cuma faoin bhfoireann, bhí triúir nó ceathrar thart air i bpreabadh na súil agus déarfainn gur chuireadh an-bhéim ar an bpróiseas chun seilbh a bhaint amach gan aon aicsion mídhleathach.Isdea scéal é go bhfuil athimirt againn is cuma faoin gceann scríbe agus tá súil againn go mbeidh cluiche chomhaith ar an Domhnach seo.

Ní mór dom a admháil go raibh iontas na niontas orm nuair a chuireadh tuairimí na ngeallghlacadóirí os mo chomhair, 10/1 de réir cosúileachta!! Má fheiceann tú ar an scór difríocht idir na foirne, níl lá lochta agam orthu áfach. Muna mbíonn tú i mbróga Niall Carew an tseachtain seo, ní dóigh liom go bhfuil an tairgead agat chun é a chur amú! Comhghairdeas Niall! I gceann sé chluiche tá céad agus cúig déag pointe faighte ag na Dubs agus níl ach cúig póinte is caoga géillte acu, sin difríocht seasca póinte i gceann ceithre chluiche. Dochreidte ar fad. Dún na nGall ar an taobh eile, d’aimsigh siad naoi gcúilín is seasca agus ghéill siad naoi gcúilín is daichead sa mhéid chluiche céanna. Difríocht fiche póinte in iomlán ach suimiúil idir an bheirt acu tá scór difríocht trí uair níos láidre ag Áth Cliath. 

An gcreidfeá go bhfuil seans chomh dona ag Dún na nGall, an fhoireann a bhuaigh an comórtas céanna ach dhá bhliain ó shin?! B’fheidir go leiríonn an ráiteas thuas anseo, níos mó faoi neart Bhaile Átha Cliath ná cumas na bhfear as an gcúinne iargúlta in iarthuaisceart na tíre.

Bhí feachtais an-difriúil ag an mbeirt acu freisin in a gCuigí féin. Is beag iomaíocht a bhí ag Áth Cliath agus rinne siad scrios de gach foireann a bhí os comhair rompu. Níl trua na taise acu agus tá meon marfach acu i gcónaí is cuma leis an bhfreasúra. Tuairiscítear é sa meáin go minic, is é iomaíoch le haghaidh na ngeansaí an príomh spreagadh agus cuspóir atá ag gach duine, sin an fonn atá ar na peileadóirí go léir. D’fhéidfeá a rá nach bhfuil scrúdú ceart faighte acu go dtí seo ach b’aoibhinn liom cheann den a seisiúin traenála a fheiceáil!

Ar an Domhnach beidh na hUltaigh níos deine sa chosaint agus tógfaidh sé níos faide chun iad a bhriseadh síos. Tá ana chomhimirt agus tuiscint eatarthu agus is dóigh liom gur chaitheadh na céadta uaire le deanaí, ag déanamh scagadh ar Áth Cliath agus córas a chur i bhfeidhm chun a mbuntáistí a chur i ngleic. Conas is féidir leat é a dhéanamh? Is fada mé ag smaoineamh ar seo agus níl an freagra agam fós!

Ar an dromchlá cheapfá gurb é Jim Mc Guinness an taon fear in a aonar in a bhfuil an cumas aige, ionadh a chur orainn agus na Dubs a chur as an gcomórtas. Ní ba chóir duit a argóint i gcoinne a spiorad nó a ndílseacht. Chur i gcás Frank Mc Glynn, tá sé de phribléid dom mar chosantóir eile, é féin a fheiceáil i mbun a cheird. Obraíonn sé ó dhubh go dubh. An-éifeachtach ag cosaint agus thar a bheith ábalta na tosaithe is contúirtí a choinneáil ciúin. Tá an féidearacht aige chun cosaint a athrú go dtí ionsaí i gceann cúpla soicind.

Tógfar bagairt Dhún na nGall an-dáiríre ar fad ag Jim Gavin agus caithfidh siad a bheith ar an airdeall. Dá mbeidís ag imirt i gcoinne aon fhoireann eile tabharfaidh mé seans reasúnta do Dhún na nGall agus b’fheidir go bhfuil 10/1 seafóideach, fiú amháin sa chás seo. Sin ráite mar a luaigh Michael Darragh Macauley inniu “bíonn an lámh in uachtar ag obair crua thar cumas i gcónaí”. Faraor dúinn tá an dá thréithe ag na Dubs go flúirseach agus ní féidir liom a shamhlú an cluiche cheannais i mbliana agus iad in easnamh.

@bodiarmada



Bookmark and Share


Search

Search - Use spaces to separate your keywords
Image
Image

Contaetha

© 2017 Coiste Gaeilge Laighean
  • f/c Comhairle Laighean CLG,  Portlaoise,  Contae Laoise.  
  • Fón: +353 57 8682000
  • R-Phost: cgl@cgl.ie