Is Trom an tUalach an tAineolas

(03 Sep 2014)

Le Brian Ó Diarmada (Brian Darby) 

Go deo na ndeor bhí clú agus cáil ar an gCumann Lúthchleas Gael mar eagraíocht amuigh leo féin agus uathúil. Feictear dea-chaidreamh idir na lucht féachana agus na peileadoirí nó iománaitheoirí i gcónaí, is cuma cén leibhéal, aois, club nó idir-chontae. Ní féidir a shéanadh go dtagann feabhsú i meanman na bpoiblí agus a ndearcadh ag druidim an tsamhraidh nuair a bhíonn an craobh faoi lán sheol.

Is baolach a chloisteáil le tamall anuas bulaíocht ‘is droch-chóireáil dírithe i dtreó peileadoirí idir-chontae sa tír seo go háraithe campaí na Mí agus Córcaigh. Is maith is eol dúinn ó míle, ocht gcéad is a ochtó ceathar agus an t-am a bhunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael, ní féidir leat gach duine a shásamh. Ní féidir liomsa é a dhéanamh ar aon nós go dtí seo! Cloistear na daoine ag screadáil agus ag gearán in ard a gcinn ‘is a ngútha ó na staideanna is cuma cén áit agus dealraíonn sé go bhfuil bua na cainte acu. Saineolaithe de réir dealraimh. Tá dul amú orthu sa mhéad seo mar taispeánann siad samplaí mí-cheart do na páistí thart orthu agus buíochas le Dia is annamh go bhfeictear nó cloistear na daoine amaideacha iad. Níor bhris focal maith fiacail riamh a deireann an seanfhocal agus aontaím leis go huile ‘is go hiomlán.

I gcomhthéacs an lae inniu, tá sé indéanta do dhaoine áirithe, teagmháil a dhéanamh le peileadoirí nó iomanaitheoirí ar na láithreáin líonraithe shóisialta éagsúla mar shampla Twitter, Facebook agus araile. Feictear dea-thréithe na daoine, na teachtaireachtaí, beannachtaí agus thar gach ní eile an dea-thoil atá ag lucht leanúna, i gcian ‘is i gcóngar ar fud an domhain. Faraor bíonn dhá thaobh ar gach scéal agus is oth liom a rá go núsáideann daoine na suíomhanna chun bulaíocht a chur chun cinn, de ghnáth len a n-ainm in easnamh. An-cróga ar fád.

Tá obair na gcapall déanta ag comhantú na bpeileadoirí agus iománaitheoirí, Gaelic Player’s Association ag iarraidh na bhfadhbanna siúd a chur faoi solas agus í a chur i ngleic freisin. Ag féachaint siar ar contaetha na Mí agus Córcaigh agus a dtaispeántais sna cluichí cheannais, ní raibh ach trua agam dóibh. Ag imirt i gcoinne b’fheidir na foirne is fearr sa tír le blianta beaga anuas i gCiarraí agus Áth Cliath, an dá háite plódaithe agus ionchais neamhréadúil ag a lán daoine.

Ní féidir liom a shamhlú, cé chomh dona a mhothaigh na peileadoirí siúd an lá dar gcionn agus ní bhfaighfaidís aon tairbhe, sult nó faoiseamh as daoine ag tabhairt íde béil dóibh. Conas a mhothofá? Agus an bhfuil a fhios agat cad a rinne siad? As an leaba agus ar ais leo go dtí a n-áit fostaithe. Tá na blianta taitneamhacha ‘is tairbheacha cáite againn ag féachaint orthu agus bá chóir dúinn a bheith ar an airdeall i gcoinne gníomhachtaí do-ghlactha.

Ná déanaigí dearmad faoin mhéid traenála a chuireadh isteach, ná hoícheanta fhada in a n-aonar sa bhaile gan a bheith ag ól nó ag ceiliúradh. Aithnítear cara i gcruatán agus bá chóir dóibh a gcomhbhrón a thabhairt i dtreimhsí crua agus na laethanta rathúla a cheiliúradh in éineacht leo freisin. Sin an chúis, fís agus cuspóir an Chumainn Lúthchleas Gael.

@bodiarmada



Bookmark and Share


Search

Search - Use spaces to separate your keywords
Image
Image

Contaetha

© 2017 Coiste Gaeilge Laighean
  • f/c Comhairle Laighean CLG,  Portlaoise,  Contae Laoise.  
  • Fón: +353 57 8682000
  • R-Phost: cgl@cgl.ie