An Cluiche Ceannais Iománaíochta

(04 Sep 2014)

Le Mártan Ó Ciardha

I mbabhtaí deireanacha na gCraobhchomórtas, is annamh a fheictear foireann amháin in uachtar ó thús deireadh na himeartha. Gluaiseann an ceannas ó thaobh go taobh agus gan teip is ag an dream is fearr a bhaineann buntáiste as an achar ina mbíonn siad féin i gceannais a thugann an bua leo. I gcluichí áirithe is ag deireadh na himeartha a thagann an tréimhse ciniúnach sin, mar a tharla sna cluichí idir Luimneach agus Cill Chainnigh nuair a fuair foireann Brian Cody 1-2 agus gan de fhreagra ag Luimneach ach cúilín ó Declan Hannon.

Ach chomh minic céanna, is síos tríd an imirt a thagann na tréimhsí ciniúnacha seo, chomh luath leis an gcéad cheathrú uaire i gcás bhabhta ceathrú ceannais Laighean idir na Cait agus Uíbh Fhailí. San achar sin bhí cúl agus dhá chúilín scóráilte ag Eoin Larkin, dhá chúilín an duine ag Colin Fennelly, Walter Walsh agus T.J. Reid agus ceann ag Richie Hogan, gan ag Uíbh Fhailí ach trí chúilín agus an iomaíocht thart, d’fhéadfá a rá, cé go raibh trí ceathrú cuid den chluiche fágtha go fóil.

Comhscór in aghaidh na Gaillimhe a bhí sa chéad chluiche eile a d’imir Cill Chainnigh, ar chomhchéim ag leathama (1-9 an taobh) agus arís sa 52ú nóiméad (2-13 an taobh), ach sna 8 nóiméad a lean, scóráil Cill Chainnigh 1-7 gan freagra – cúl agus dhá chúilín ag Reid, péire ag Hogan agus ceann an duine ag Larkin, Tommy Walsh agus ag Aidan Fogarty. Sa chás seo áfach, tháinig athrú ollmhór ar an roth agus ba ag Gaillimh a bhí an ceannais sna 8 nóiméad dheireanacha, nuair a ghéill Cill Chainnigh 3-3 agus iad ag brath ar Henry Shefflin lena dtógáil as poll.

I dtús an dara leatha freisin a tháinig tréimhse ceannais Chill Chainnigh san athimirt in aghaidh na Gaillimhe. Cúl agus ceithre chúilín gan freagra, 1-1 ag Fogarty agus cúilíní Pádraig agus Tommy Walsh, chomh maith le ceann Reid ag tabhairt farasbairr sé chúilín dóibh. An babhta seo ní raibh aon fhreagra ag Gaillimh agus ba ag méadú a bhí an bhearna as sin go deireadh (3-19,1-17).

Bíonn a mbaint féin ag báireoirí amannta lena dtarlaíonn i dtréimhsí ciniúnacha agus cé go raibh seacht gcúilín as a chéile aimsithe ag Cill Chainnigh i lár an dara leatha i gcluiche ceannais Laighean in aghaidh Átha Cliath agus cuma na maitheasa orthu, ba shábháilt a rinne David Herity ar iarracht ó Colm Cronin a chinntigh nach raibh aon bhrú orthu as sin go deireadh.

Ceithre chúilín an bhearna ba mhó a bhí ag aon tráth idir Luimneach agus Tiobraid Árann i gCluiche Ceannais na Mumhan, bhí na foirne ar chomhscór ocht n-uaire agus foireann Éamoinn Uí Shé chun cinn 2-16, 1-16 sna nóiméid dheireanacha. Ansin scóráil Shane Dowling cúl agus d’fhág cúilíní a scóráil Séamus Hickey agus an t-ionadaí Tomás Ryan go mba iad Luimneach curaidh an chúige. Ní raibh Tiobraid Árann in ann na 70 nóiméad a sheasamh, a dúirt na húdair.

Chuir siad deireadh leis an teoraic sin a chéad bhabhta cáilithe in aghaidh na Gaillimhe. Sa chluiche sin, bhí na foirne ar chomhscór 6 huaire, Gaillimh leath-dosaen cúilín chun cinn isteach sa dara leath, ach choinnigh Tiobraid Árann gan scór iad sna ocht nóiméad dheireanacha, tráth ar chuir cúilín iontach a fuair Lar Corbett a fhoireann ar ais chun cinn agus inar chuir Séamus Callanan (1-1) Kieran Bergin, Noel agus Shane McGrath tairne i ndiaidh tairne i gcónra na nGaillimheach.

Sa chéad bhabhta eile, in aghaidh Uíbh Fhailí, ba sna nóiméid thosaigh agus ag teannadh le leathama a tháinig tréimhsí ceannais na dTiobraideach – cúil ó Corbett agus Patrick Maher sa gcéad cheann agus ó Corbett agus Pádraic Maher sa dara ceann.

Ag druidim le leathama freisin a rinne siad an obair a chuir Áth Cliath de dhroim seoil i mbabhta ceathrú ceannais na hÉireann. Tús 4 chúilín a bhí acu (0-11,0-7) agus leathuair caite, ach d’oscail cúilíní a fuair Callanan, Noel McGrath, John O’Dwyer agus Gearóid Ryan bearna a bhí ag méadú leis sa dara tréimhse.

Sna tréimhsí ceannais ar fad a bhí ag Tiobraid Arann sa chraobh go dtí seo, sé an lántosach Callanan a thug treoir dóibh. Leath bealaigh isteach sa dara leath i gCluiche Leathcheannais na hÉireann ba fharasbarr ceithre chúilín a bhí acu ar Chorcaigh. An Callanánach a d’fhógair a dtréimhse ceannais sa 47ú nóiméad nuair a ghlac sé pas ó Bonner Maher agus scóráil an 7ú cúl atá faighte aige i gcraobh na bliana seo. Ocht nóiméad dar gcionn bhí bearna 10 gcúilín idir na foirne (2-15, 0-11), trí chúilín scóráilte ag John O’ Dwyer, ceann an duine ag Noel McGrath agus ag James Woodlock agus lucht leanta Chorcaigh ag déanamh ar na geataí i bPáirc an Chrócaigh.

Dé Domhnaigh seo chugainn ansiúd imreoidh Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann a chéile sa chluiche ceannais agus sé is dócha go mbeidh an dá fhoireann in uachtar agus in iochtar ar a seal. D’imir siad beirt Áth Cliath i gcraobh na bliana seo. Farasbarr 13 cúilín a bhí ag Tiobraid Árann, farasbarr 12 ag Cill Chainnigh. Scóráil Cill Chainnigh trí chúl sa dá chluiche a d’imir siad in aghaidh na Gaillimhe, an líon céanna a scóráil Tiobraid Árann ina gcoinne. Fuair Tiobraid Arann 5 chúl nuair a d’imir siad Uíbh Fhailí....mar a rinne Cill Chainnigh!

Níl faic eatarthu, is cosúil. Na tréimhsí ceannais a shocróidh toradh an lae



Bookmark and Share


Search

Search - Use spaces to separate your keywords
Image
Image

Contaetha

© 2017 Coiste Gaeilge Laighean
  • f/c Comhairle Laighean CLG,  Portlaoise,  Contae Laoise.  
  • Fón: +353 57 8682000
  • R-Phost: cgl@cgl.ie