Ciarraí v Maigh Eo

(22 Aug 2014)

Le Brian Ó Diarmada (Brian Darby)

Sa saol peile atá anois i réim, shamhlofá go mbeadh páirt a ghlacadh ag an gceithre fhoireann atá fagtha sa chraobh. Ciarraí, Maigh Eo, Áth Cliath agus Dún na nGall. Seachas siúd, b’fheidir go gcuirtear ionadh ar daoine go bhfuil Tír Eoghain agus b’fheidir Corcaigh as an áireamh. Mo thuairim phearsanta féin agus níl sé ach mo thuairim féin, ní raibh áit tuillte acu as an ndóigh a d’imir siad agus chaithfidís, na lucht leanúna is láidre a admháil freisin, nach raibh sé. Is ceart agus cóir go bhfuil na foirne is fearr sa tír go dtí seo, ar thóir Sam Mhic Uidhir fós ag deireadh mí Lúnasa agus sin mar a sheasann sé faoi láthair.

D’fhéidfeá a dhéanamh go leor comparáidí idir na foirne ó na cluichí ceathrú cheannais atá imeartha acu i mbliana. D’aimsigh Maigh Eo cúl amháin agus fiche cúilín an lá deireanach i gcoinne chúil amháin agus naoi gcúilín déag ar son Ciarraí. Bhí an méid géillte acu thart an méid céanna freisin, dhá chúl agus cúig chúilín déag i gcoinne dhá chúil agus deich gcúilín. Ag deireadh an chluiche bhí naoi nduine ar an leathanach scór ón dá fhoireann agus dealraíonn sé dom go bhfuil tósaithe fíor-contúirteach amuigh leo féin ag an mbeirt acu, Ó Donnchú agus Ó Conchubhair ar ndóigh. Creidimse go láidir freisin áfach go raibh an bheirt acu ag gluaiseacht in a ndara fearas an lá deireanach agus ba mhaith leo an scéal a chur i gceart agus taispeántas i bhfad níos fearr a thabhairt dúinn.

Anuas ar sin, tá an-mhuinín agus meas acu as a mbainisteoirí, Séamus Ó hÓráin agus Éamonn Fitzmaurice agus beidh sé suimiúil cén sórt straitéisí a gcuirfear i bhfeidhm ar an Domhnach chun buntáistí agus neart an fhreasúra a laghdú.

Le deanaí léigh mé cúpla alt ag breathnú chun cinn ar na cluichí iomanaíochta agus peile agus thugas rud amháin faoi deara ceapaim go bhfuil suntasach. Ba iad na Cait an t-aon fhoireann amuigh leo féin, nach raibh ag tarraingt aire leo féin ag miniú a n-aidhmeanna nó an fís atá acu. Dá mbeinn i mbróga Shéamais Ó Donnchú, agus is mór an truá nach mbím, choimeádfainn mo chuspóirí phearsanta féin i m’aigne. Cítear dom go raibh an iomarca bhéim le deanaí ar a chuardach gan staonadh, i ndiaidh bonn uile Éireann agus is fuath liom an meon go bhfuil boinn nó gradaim tuillte ag peileadóirí áirithe a thuilleadh ná a n-imreoirí chomhbhaill. Is annamh go gcloistear T.J. Reid nó Paul Murphy ag labhairt faoi a gcuspóirí atá acu sna meáin.

Ar an bhfoireann cóitséala contae Mhaigh Eo tá mo shean-chara, Donie Buckley, ag obair go dian dícheallach. As Ciarraí é agus beidh léargas uathúil aige faoi stíl agus straiteisí Chiarraí. Bhrisfeadh sé a chroí gan dabht, an buille marfach a thabhairt do a chontae dúchais ach is cuma leis an dílseacht sin ar an Domhnach agus beidh sé ag diriú a aigne ar an gcluiche seo.

Táim ag súil go mór leis na “match-ups” mar a déarfá. Ceapaim go bhfuil na tréithe is fearr ag Peter Crowley ag teacht isteach ón mbinse, chun smácht a choimeád ar Aodán Ó Sé, beirt fhathach. Beidh Keith Ó h-Uiginn nó Tom Cunniffe tofa chun bagairt Shéamais Ó Donnchú a scriosadh. Ní bheidh aon cheadúnas acu a bheith ag dul ar an ionsaí an t-am go léir agus beidh orthu an béim a chur ar a gcumas mar chosantoirí sa chluiche seo. B’fheidir go mbeidh sé dualgas Sheáin Mac Ionnrachtaigh tionchar Cillian Ó Conchubhair a laghdú? Dá n-éireodh le Mac Ionnrachtaigh  Ó Conchubhair a choimeád as an gcluiche beidh go leor deacrachtaí ag Maigh Eo agus bhreathnóidís ar na ciceanna saora an bua a aimsiú.

Mar a luaigh mé níos luaithe, níl an taispeántas iomlán feicthe againn ón dá fhoireann go dtí seo. Sílim nach mbeidh ach an t-íosmhéid eatarthu ar a cúig a chlog Dé Domhnaigh is cuma cé hiad na buaiteoirí. Táim den tuairim láidir go mbeidh cúil againn agus an fhoireann a fhaigheann an chuid is mó acu, beidh siad le feiceáil arís i mbliana. Sin ráite déarfaidh mé Maigh Eo. Taithí acu, ceithre chraobh i gCúige Chonnacht buaite acu as a chéile ach an rud is suntasaí is go mbeidh fís agus ceannasaíocht an tsaighdiúra Dhéaglán Ó Súilleabháin in easnamh i mo thuairim. Má bhuann Ciarraí an cluiche seo gan Ó Súilleabháin agus an Gooch, éacht dochreidte a bheidh sé. 

@bodiarmada



Bookmark and Share


Search

Search - Use spaces to separate your keywords
Image
Image

Contaetha

© 2018 Coiste Gaeilge Laighean
  • f/c Comhairle Laighean CLG,  Portlaoise,  Contae Laoise.  
  • Fón: +353 57 8682000
  • R-Phost: cgl@cgl.ie