Colasas Mhaigh Eo

(28 Aug 2014)

Le Mártan Ó Ciardha

Tuigim go bhfuil riachtanas áirithe leo i gcluiche nua-aimseartha an lae inniu agus nach bainisteoir maith é an té a dhúinfeadh a shúíle orthu agus é ag thóir ar an mbuntáiste is fearr ar fáil dá fhoireann.

Más í an fhírinne atá uait, ní mór dom a admháíl nach duine mé a bhfuil tóir agam ar na taicticí agus ar na stráitéisí seo atá tagtha isteach i gcluichí na peile agus na hiomána le blianta beag.

Tuigim go bhfuil riachtanas áirithe leo i gcluiche nua-aimseartha an lae inniu agus nach bainisteoir maith é an té a dhúinfeadh a shúíle orthu agus é ag thóir ar an mbuntáiste is fearr ar fáil dá fhoireann. Ach, is den sean-déanamh mé. Níl faic is fearr liom ná ceardaí a fheiceáil i mbuna a dhualgais gan aon laincís, ach beagán saoirse lena chuid ealaíne, a sprid agus a chuid scile a chur in iúl.

Sin an fáth a bhain mé oiread sin pléisiúir as an dara leath den chluiche idir Mhaigh Eo agus Ciarraí i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite. Go dtí gur taispeáineadh an cárta dearg do Lee Keegan i bhfoisceacht cúpla nóiméad de leathama, ba í an stíl peile atá glactha chucu féin acu agus atá ag seasamh go maith dóibh le tamall a lean Curaidh Chonnacht – meascán den rud a thaitníonn liom agus an rud nach dtaitníonn, más mian leat. Bhí oiread reatha déanta acu agus a dhéanfadh capall rása agus 5 chúilín ar chlár na scór mar thoradh ar sin ar fad.

Sa dara leath, b’éigin dóibh port a athrú mar nach raibh acu ach na 14 fear agus an cluiche ag sleamhnú uathu nuair a chuaigh Ciarraí cúig chúilín chun cinn ag tús an leatha. As sin go deireadh bhí an choimhlint chomh maith agus atá feicthe agam ar aon pháirc in aon áit ar domhan. Thuig Maigh Eo gur é an seans ab fhearr a bhí acu tabhairt díreach faoina gcéilí-comhraic, ag baint úsáide ag sna scileanna nádúrtha peile atá iontu agus d’fhreagair Ciarraí an dúshlán leis an gcumas dúchasach atá iontu féin.

Tá sé os cionn dhá mhíle bliain ó thóg muintir Rhodes na Gréige an Colasas mar chomhartha buíochais ar an gcaoi nár éirigh leis na Cipirigh iad a cheansú. Má éiríonn le Maigh Eo Craobh Peile na hÉireann a bhuachan i mbliana, mholfainn dóibhsan dealbh a thógáil in áit éigin sa chontae sin in omós do Aidan O’Shea, mar sa dara leath sin i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite, b’eisean, thar dhuine ar bith eile, ba chúis le aiséirí a chontae. Thaisteal sé fad agus leithead na páirce ar thóir dúshláine, bhuaigh sé formhór na gcomhrac agus ní féidir ach go raibh tionchar ag a iompar ar an gcaoi ar lean a chomrádaithe a shampla.

Ní bheidh Ciarraí ag cuimhniú ar aon deilbh a thógáil – ní hé sin an mianach atá iontu ar aon nós, ach bhí baint mhór acusan freisin leis an taispeántas iontach a facthas. Bhíodar’san cúig chúilín chun deireadh agus os cionn uair an chloig caite agus fós ba dhóbair dóibh an bua a sciobadh leo.

Ma bhí locht le fáil ar Chiarraí, b’sin nár bhaineadar lán-úsáide as an bhfear breise a bhí acu, go háirithe ó na ciceanna amach agus ní gá míniú a thabhairt ar an tábhacht atá leo siúd i gcluiche peile an lae inniu. Go fíor-annamh Dé Domhnaigh seo caite a roghnaigh báireoir Chiarraí an cic-gairid a úsáid, rud nach mbeidh aon leisce ar Stephen Cluxton a dhéanamh i gcluiche leathcheannais an Domhnaigh seo chugainn.

Chonaic mé scríofa le linn na seachtaine go mbíonn Áth Cliath ag súil go gcoinneoidh siad seilbh na liathróide as suas le 85% de na ciceanna a bhuaileann Cluxton amach agus dá bharr sin ní iontas go mbíonn a ainm siúd luaite go minic agus cur síos á dhéanamh ar an mbealach is fearr chun dul i ngleic le foireann Jim Gavin. Ní heol dom aon spórt ná aon fhoireann eile ina luaiter ainm an bháireora go luath sa chaint agus comhrá ar siúl faoin mbealach is fearr dul i ngleic leo.

Tá sé trí bliana ó thug Jim McGuinness faoi chóras a mheas seisean a chuirfeadh stop le Áth Cliath i gCluiche Leathcheannais na hÉireann. I bhfoisceacht 12 nóiméad den deireadh an lá sin bhí a fhoireann cúilín chun cinn agus a gcéilí comhraic taobh le ceathar déag. Ach, níor scóráil Dún na nGall sa tréimhse a bhí fanta, tháinig Áth Cliath ar chomhscór leo agus fuair Bryan Cullen agus Bernard Brogan na cúilíní a thug an bua dóibh 0-8,0-6.

An bhliain dar gcionn bhí a chuid straitéise tugtha chun foirfeachta ag McGuinness agus bhuaigh Dún na nGall Craobh na hÉireann. Bhí an ról a bhí ag Colm McFadden i 2012 thar a bheith tábhachtach. Fágtha leis féin ar imeall na cearnóige agus níos minicí ná a chéile ar a laghad beirt chosantóir ina aice, scóráil peileadóir Naomh Mícheál 3-26 ar fad (2-6 as an imirt) agus 6 chúilín ar meán i ngach cluiche. Faoin am a raibh cluiche leathcheannais na hÉireann 2012 sroichte, bhí 2-17 ar an gclár aige.

Ag an staid chéanna de chraobh na bliana seo, tá McFadden taobh le 9 gcúilín (3 cinn as an imirt) agus cé nach baileach gur ionann díreach an córas imeartha atá ag a fhoireann agus a bhí agus go bhfuil iomlán na scórála atá déanta acu go dtí seo i mbliana (5-54) nach mór mar an gcéanna agus a bhí i 2012 (5-55), shamhlóinn, más le Dún na nGall an Cluiche Ceannais a bhaint amach, go gcaithfidh fear Dhún Fionnchaí níos mó a scóráil Dé Domhnaigh ná an meán dhá chúilín atá aige go dtí seo.



Bookmark and Share


Search

Search - Use spaces to separate your keywords
Image
Image

Contaetha

© 2017 Coiste Gaeilge Laighean
  • f/c Comhairle Laighean CLG,  Portlaoise,  Contae Laoise.  
  • Fón: +353 57 8682000
  • R-Phost: cgl@cgl.ie