Fiúntas Dea-Ionadaithe

(15 Aug 2014)

Le Mártan Ó Ciardha

B'fhéidir go bhfuil Shefflin níos gaire do dheireadh a shaoil imeartha ná atá sé dá thús, ach spreag na gártha fáilte a chuir lucht leanta Chill Chainnigh roimhe a chomh-imreoirí

Tá an riachtanas a bhaineann le binse láidir ionadaithe a bheith ag foirne níos soiléire i gCraobhchomórtais Peile agus Iomána na bliana seo ná a bhí sé riamh. Fiche nóiméad a bhí fanta agus tús cúilín ag Luimneach ar Chill Chainnigh (0-15, 1-11) sa chéad chluiche leathcheannais iomána i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite nuair a thug curaidh Laighean Henry Shefflin agus Richie Power chun páirce. Bhí tionchar ollmhór ag an mbeirt ar an toradh deireanach. Ní raibh an Paorach ach nóiméad nó dhó istigh nuair a bhí lámh aige sa chúl a chuir Cill Chainnigh chun cinn, (cé go mba dheacair a rá arbh é féin nó Eoin Larkin ba dheireanaí a theangaigh leis an sliotar). Achar gairid ina dhiaidh sin ba ar Richie a déanadh an feall as a bhfuair TJ Reid an cúilín a thug farasbarr péire do Chill Chainnigh agus nuair a laghdaigh Declan Hannon sin, ba ar Power a déanadh an feall arís as a dtáinig an buille éirice a thug cúilín agus scór deireadh na himeartha don Riadach agus an bua dhá chúilín (2-13, 0-17) dá fhoireann.

B’fhéidir go bhfuil Shefflin níos gaire do dheireadh a shaoil imeartha ná atá sé dá thús, ach arís Dé Domhnaigh seo caite, mar a tharla i gCluiche Ceannais Laighin agus sa dá chluiche leathcheannais in aghaidh na Gaillimhe, spreag na gártha fáilte a chuir lucht leanta Chill Chainnigh roimhe a chomh-imreoirí ag tráth thar a bheith cinniúnach san imirt. Ná ceap áfach gur ar chúiseanna siceolaíochta amháin a chuireann Brian Cody chun imeartha é. An rud is annamh is iontach, níor éirigh le Henry aon scór a aimisiú in aghaidh Luimnigh, ach murar éirigh féin, bhí an bhlocáil, an rith agus an t-ardú meanman a thug sé d’imreoirí eile na foirne chomh tábhachtach céanna le scór, i gcluiche a bhí idir dhá cheann na meá.

Deich nóiméad a bhí fágtha freisin sa chluiche comhscóir in aghaidh na Gaillimhe nuair a tháinig Shefflin chun páirce. Ní raibh ann ach go raibh sé istigh nuair a thuill sé buille saor as ar thug cúilín TJ Reid tús 10 gcúilín do Chill Chainnigh. Lig siad uathu an tús sin sna nóiméid a lean, ach fiú agus Gaillimh tagtha suas leo sa 71ú nóiméad, chuir Shefflin a fhoireann ar ais chun cinn nuair a scóráil sé cúilín agus é buailte ar an taobhlíne. Ba ina dhiaidh a rinne Joe Canning an rud céanna ag ceann eile na páirce, rud a thug na foirne ar ais chuig Páirc Uí Chonchubhair an Satharn dar gcionn.

D’fhág ionadaí na Gaillimhe, Jonathan Glynn, lorg a láimhe ar an gcluiche comhscóir sin freisin. Tugtha isteach in áit Chathal Mannion ag leathama, ba é Glynn a fuair an cúilín ba thúisce a facthas sa dara leath agus ba air a déanadh na feallanna as a bhfuair Canning dhá chúl as buillí éirice, in aiséirí na Gaillimhe.

Beidh éachtaí Loch Garmain luaite go minic nuair a bheas stair Chraobhchomórtais Iománaíochta 2014 a scríobh agus áit faoi leith ag a laoch ionadaíochta siúd Jack Guiney sa scéal. Agus é istigh in áit Podge Doran san athimirt in aghaidh an Chláir sna Babhtaí Cáilithe, thug Guiney ceann de phasanna na bliana do Harry Kehoe agus chuir a chúl siud Loch Garman chun cinn (2-20, 2-18) agus na 10 nóiméad ba thúisce den am-breise beagnach caite. Nuair a chothromaigh Tony Kelly agus Conor McGrath an scór sa dara tréimhse, ba é an t-ionadaí, Guiney, a fuair na trí chúilín do Loch Garman a d’fhág curaidh 2013 curtha de dhroim seoil.

Rinne ionadaithe a gcion féin freisin do na foirne a bheidh san iomaíocht sa dara cluiche leathcheannais iomána Dé Domhnaigh seo chugainn. Ag leathama agus Corcaigh i dtrioblóid mhór sa chluiche ceathrú ceannais i gCúige Mumhan in aghaidh Phort Láirge, thug siad Bill Cooper chun páirce in áit Cian McCarthy. Bhí baint mhór ag Cooper leis an bhfarasbarr 10 gcúilín a bhí ag na Déise a thabhairt ar ais agus comhscór a thuilleadh. Ba é iománaí Eochalla a scóráil cúl Chorcaigh tar éis do bháireoir Phort Láirge, Stephen O’ Keefe, an t-sábháil a dhéanamh agus d’aimsigh sé cúilín freisin.

I gcluiche ceannais an chúige tháinig Paudie O’ Sullivan isteach mar ionadaí i dtús an dara leatha agus a chaptaen, Patrick Cronin, gortaithe – níl fear níos eolaí ar ghortaithe ná an Paudie céanna, a chaith formhór na bliana seo caite amhlaidh, mar gur briseadh dhá chnámh i gcos dá chuid. Nuair a tháinig an Súilleabhánach isteach bhí Corcaigh agus Luimneach ar chomhscór 0-12 an taobh. Is beag fianaise a bhí ann gur chuir an tréimhse a bhí caite ar an taobhlíne aige faic as do Pháidí nuair a chuir sé cúilín gleoite thar an trasnán leis an gcéad bhuille a fuair sé ar an sliotar agus ag teannadh leis an deireadh, nuair a bhí Corcaigh ag fáil a ndóthain le déanamh agus fanacht chun cinn, ba é fear Chluana a scóráil an cúl a chinntigh a mbua, 2-24, 0-24.

Tá scéal an chluiche inar bhuaigh Tiobraid Árainn ar Ghaillimh le naoi gcúilín, ainneoin iad a bheith sé cinn chun deireadh i lár an dara leatha, é féin ar cheann de mhór-iontais na Craoibhe Iomána 2014. Bhí baint mhór ag athruithe agus ag ionadaithe leis sin freisin – ar cheann acu an tionchar a bhí ag Kieran Bergin ar an gcaoi ar fheabhasaigh na Tiobradaigh nuair a tugadh eisean isteach chun dul i ngleic leis an gceannas a bhí glactha ag Gaillimh timpeall lár na páirce – ní amháin sin, ach scóráil Bergin cúilín tábhachtach.



Bookmark and Share


Search

Search - Use spaces to separate your keywords
Image
Image

Contaetha

© 2018 Coiste Gaeilge Laighean
  • f/c Comhairle Laighean CLG,  Portlaoise,  Contae Laoise.  
  • Fón: +353 57 8682000
  • R-Phost: cgl@cgl.ie