Seoladh / Launch

(08 Mar 2014)

Is cúis áthais do Choiste Cultúir Laighean go bhfuil leagan úr den suíomh www.cgl.ie seolta. B'iad Seán Ó hÓráin, Cathaoirleach Chomhairle Laighean, agus Máire Ní Cheallaigh, Cathaoirleach Choiste Cultúir Laighean a rinne an seoladh i bPáirc an Chrócaigh le déanaí, áit go raibh meascán imreoirí ó chlubanna agus ó chontaetha éagsúla an chúige i láthair.

Ina measc siúd bhí Brian Ó Luain (Emmet Bhré, Cill Mhantáin), Cormac Breathnach (Tigh Raoireann, Ceatharlach), Irene Ní Mhunghaile (Naomh Ultain, An Mhí), Colm Ó Cróinín, Marc Schutte agus Paul Schutte (Cuala, Baile Átha Cliath), Dónal Sutcliffe (Naomh Jude, Baile Átha Cliath) agus Caoimhe Ní Dhálaigh (Na Gaeil Óga, Cill Dara). Leo chomh maith bhí Seán Ó hUaine (Oifigeach Caidreamh Poiblí, Comhairle Laighean) agus Tiarnán De Hál (Coiste Gaeilge Laighean).

Suíomh tacaíochta atá i gceist, a chabhróidh le hOifigigh Chultúrtha na gContaetha agus na gClubanna an cultúr Gaelach a chur chun cinn i measc imreoirí, riarthóirí agus chairde na gClubanna trí chomhordú a dhéanamh ar a gcuid oibre, faisnéis a dháileadh agus gníomhaíocht a spreagadh.

 

Féach tuilleadh grianghraif ón ócáid thíos. Click on any image to view gallery.



Bookmark and Share






Search

Search - Use spaces to separate your keywords
Image
Image

Contaetha

© 2018 Coiste Gaeilge Laighean
  • f/c Comhairle Laighean CLG,  Portlaoise,  Contae Laoise.  
  • Fón: +353 57 8682000
  • R-Phost: cgl@cgl.ie