Thar Teorainn Isteach

(01 Aug 2014)

Le Mártan Ó Ciardha

Thar a bheith láidir atá stair na hiomaíochta idir na foirne peile a imreoidh i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh sna babhtaí ceathrú ceannais is túisce a imreofar i gCraobh Peile CLG na bliana seo – cé nach a chéile a bheidh siad a imirt, má thuigeann tú leat mé. Fágann cúiseanna éagsúla nach iad coimhlintí móra Chonnacht agus na Mumhan a bheidh le feiceáil an babhta seo Corcaigh in aghaidh Mhaigh Eo agus Ciarraí in aghaidh na Gaillimhe.

Os rud é gur Ghaillimheach mé, tá tuiscint i bhfad níos fearr agam ar an stair a bhaineann le iomaíocht idir mo chontae dúchais agus a gcomharsain ná atá agam ar choimhlintí Chiarraí agus Chorcaigh, ach tá mé ar an saol seo fada mo dhóthain agus go mbeadh eolas agam ar ché chomh daingnithe agus atá an iomaíocht idir na contaetha ó dheas.

Bheinn siúráilte go maith freisin go mbeadh formhór lucht leanta na Gaillimhme i bPáirc an Chrocaigh Dé Domhnaigh (agus sa bhaile go deimhin) ag súil go mbeadh an bua ag a gcomharsain agus vice versa. Nílim baileach chomh cinnte gur í sin an mheoin a bheadh ag an dá champa Muimhneach, ach b’fhéidir go bhfuil dul amú orm !

Cé nach cruthúnas ar aon rud é, tá sé suimiúil féachaint ar stair bhainistíochta na bhfoirne seo ó tháinig tábhacht leis an gcúram sin i gceart tuairim dhá scór bliain ó shin. San achar sin d’athraigh Corcaigh agus Ciarraí bainisteoirí 11 uair, Maigh Eo uair lena chois sin agus Gaillimh 14 uair. Ní dheachaigh Corcaigh ná Ciarraí lasmuigh dá dteorainneacha ina gceapacháin, bhí cúigear nárbh Ghaillimhigh iad ina mbainisteoirí ar fhoireann an chontae sin (cé gur cheart a rá go raibh dlúthbhaint ag Tony Regan le peil i nGaillimh faoin am ar ceapadh eisean i 1983).

Ceathrar nárbh as Maigh Eo iad atá ceaptha i mbun bainistíochta ansiúd ó 1975 i leith, cé arís go mba chóir a rá go raibh Liam O’ Neill lonnaithe ar an gCnoc Mór agus tar éis imirt leo siúd, nuair a ceapadh fear Bhéal Átha na Slua ina bhainisteoir ar Mhaigh Eo timpeall an ama chéanna a raibh an Riagánach i gceannas na Gaillimhe.
An rud atá thar a bheith suimiúil sa scéal seo ar fad is ea go raibh dhá bhliain (1978 – ’80) caite ag O’ Néill roimhe sin ina bhainisteoir ar pheileadóirí na Gaillimhe. Sna blianta a lean ní amháín gur tharla sé arís gur bainisteoir an teorainn – an bealach eile an babhta seo – ach ba é an toradh a bhí ar sin ná gur bainisteoir as Maigh Eo a thug Corn Sam Maguire ar ais go Gaillimh, faoi dhó, in imeacht trí bliana.

Sin é scéal John O’ Mahony ar ndóigh, fear a raibh ceithre bliana caite mar bhainisteoir ar Mhaigh Eo aige sular ghlac sé ceannas i nGaillimh agus a bhuaigh Craobhacha Peile 1998 agus 2001. D’fhill sé ar a chontae dúchais ar feadh ceithre bliana eile idir 2006 agus 2010 agus go deimhin ba fhear eile as Maigh Eo, Peter Forde, a raibh tamall caite aige ina roghnóir ansiúd, a ghlac ceannas ar Ghaillimh nuair a d’imigh O’ Mahony i 2004.

Más fíricí atá uait, siad Joe Kernan agus Tomás Ó Flatharta an bheirt eile ón ‘taobh amuigh’ a bhí ina mbainisteoirí ar Ghaillimh agus ba iad Micky Moran, Jack O’ Shea agus Brian McDonald a bhí i Maigh Eo. Seachas na daoine atá luaite agam, ba iad na bainisteoirí eile a bhí i nGaillimh sa tréimhse sin, Cyril Dunne, Billy Joyce, Bosco McDermott, Val Daly, Mattie McDonagh, John Tobin agus Liam Sammon. I Maigh Eo bhí Johnny Carey, Anthony Egan, John Maughan (faoi dhó) agus Pat Holmes.

Corcaigh ar fad a bhí sna daoine a ghlac ceannas ar pheileadóirí an chontae sin ón am a ndearna foireann Donie O’ Donavan an bheart ar an bhfoireann Ghaillimheach lenar imir Liam O’ Neill i gCluiche Ceannais na hÉireann 1973 – Billy Morgan (faoi thrí), Frank Cogan, Denis Coughlan, Éamon Ryan, Larry Tompkins, Teddy Holland, Conor Counihan sular tháinig fear na linne seo, Brian Cuthbert.

Tá Ciarraí freisin fanta dílis dá muintir féín ó dheireadh na seascadaí, Jackie Lyne, Joe Keohane, Johnny Culloty, Mick O’ Dwyer, Micky Ned Ó Súilleabháin, Ógie Ó Móráin, Páidí O Sé, Jack Ó Conchubhair (faoi dhó), Pat O’ Shea agus Éamon Mac Muiris.

Ní nach ionadh, ní minic ag imreoirí teorannacha a thrasnú i gceachtar cás. Rinne Liam O’ Neill é agus deich mbliana dar gcionn rinne Tomás Tierney amhlaidh. Ar fhoireann na Gaillimhe a chlis in aghaidh Áth Cliath i 1983, chaith Tierney an chuid dheireanach dá shaol imeartha i ngeansaí glas agus dearg Mhaigh Eo, tar éis dó a dhul ag múineadh scoile i gCathair na Mart agus bhuaigh sé boinn an chúige leosan i 1992 agus i ‘93, mar a bhí déanta aige le Gaillimh in ’84, ’86 agus ’87.

Bhí John Nallen as Crois Mhaoilíona ar fhoireann Mhaigh Eo nuair a bhuaigh siadsan an tSraith Náisiúnta Peile i 1954, Thug a chuid oibre i mbanc timpeall na tíre é. Fad agus a bhí sé i nGaillimh bhuaigh sé 8 gcraobh contae le Réalta Thuama agus d’imir don chontae sin i gCluiche Ceannais na hÉireann in aghaidh Chiarraí i 1959.

Bhí a ‘mbaincéara taistil’ féin ag Ciarraí agus ag Corcaigh timpeall an ama chéanna. I dTrá Lí a saolaíodh Tom Moriarty, a bhí ar fhoireann mhionúir Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1946. Chuaigh Tom i mbun oibre i mbanc i gCloch na Caoilte dhá bhliain dar gcionn agus i 1952 scóráil an cúilín a thug an bua do Chorcaigh ar Áth Cliath i gcluiche ceannais na Sraithe Náisiúnta. Chuir a chontae dúchais fios ar ais ar an Muircheartach i 1954 agus as sin gur éirigh sé as ceithre bliana dar gcionn bhuaigh sé Craobh na Mumhan trí huaire agus bhí sa líne leathchúíl ar an bhfoireann a bhuaigh ar Áth Cliath i gCluiche Ceannais na hÉireann 1955.

“Is glas iad na cnoic i bhfad uait”, ach bíonn siad chomh glas céanna sa bhaile amannta, de réir cosúlachta. Bhí do Tom Moriarty ar aon nós!



Bookmark and Share


Search

Search - Use spaces to separate your keywords
Image
Image

Contaetha

© 2018 Coiste Gaeilge Laighean
  • f/c Comhairle Laighean CLG,  Portlaoise,  Contae Laoise.  
  • Fón: +353 57 8682000
  • R-Phost: cgl@cgl.ie