Séamus Ó Faoláin
Bíodh Meas Againn ar na Réiteoirí
Bhíos ag éisteacht leis an gclár suimiúil raidió sin “Take Your Point” cúpla seachtain ó shin agus bhí na tráchtairí ag plé an chluiche iomána idir Luimneach agus an Clár. Is eol don saol Fódlach gur chaill Luimneach an cluiche agus gur cháin bainistíocht na foirne an réiteoir tar éis an chluiche.
Ní ábhar iontais é sin i saol an Chumainn Lúthchleas Gael agus níos minice ná a mhalairt cuireann bainisteoirí an locht ar réiteoirí nuair a chailleann siad cluichí — “ní raibh poc nó cic éirice tuillte acu” nó “bhí sé sa chearnóg nuair a fuair sé cúl cinniúnach an chluiche” nó “bhí an fhoireann eile ró-fhisiciúil” nó “níorbh fhiú ach cárta buí an sonc bog a thug ár bpeileadóir do réalt an fhreasúra” nó “cinnte, rachaimid chomh fada leis an DRA, más gá, chun an cárta dearg sin a athrú agus cothrom na Féinne a fháil don leaid s’againne”! Lean na leithscéalta truamhéileacha ceannann céanna sna cluichí craoibhe peile agus iomána arís i mbliana. Cuid dár gcultúr is ea an milleán a chur ar an réiteoir bocht!
Luaigh mé “Take Your Point” i dtús an phíosa seo agus caithfidh mé a rá gur chuir gné amháin den chlár déistean orm. Rinneadh ionsaí uafásach ar réiteoir an chluiche ar an aer agus tugadh cuireadh do gach cancrán agus gearánaí téacsteachtaireachtaí a sheoladh chuig an gclár. Cháin siad an réiteoir go géar agus ní raibh aon duine ann leis an bhfear uasal ionraic a chosaint. Tá súil agam nach raibh clann an réiteora ag éisteacht leis an gclár. Chonaic mé féin an cluiche agus i mo thuairimse, bhí cluiche maith ag an réiteoir agus ag a chuid oifigeach. Bhí sé aclaí agus cinntitheach. Tá sé í bhfad ró-éasca an milleán a chur ar na réiteoirí. An ionadh é go bhfuil deacrachtaí againn daoine nua a earcú mar réiteoirí!
Tá áthas orm go bhfuil Coistí Smachta ár gCumainn ag cosaint na réiteoirí agus a n-oifigeach na laethanta seo agus tá iomlán an chirt ag na Coistí daoine a cháineann na réiteoirí a chur ar fionraí. Is daoine tábhachtacha iad na bainisteoirí a bhfuil tionchar an-mhór acu. Oibríonn siad go han-dian ar fad agus is cinnte go mbíonn brú mór orthu. Ach tá dualgas faoi leith orthu an dea-shampla a thabhairt agus glacadh le breith réiteoirí agus oifigeach cluichí. Bíonn ár n-imreoirí óga ag faire orthu agus ag éisteacht lena bhfuil le rá acu. Má thugann siad an dea-shampla, déanfaidh na daoine óga aithris orthu.
Mór an trua é, tá go leor fianaise feicthe agus cloiste agam go gceapann ár n-imreoirí óga go bhfuil sé inghlactha agus ceart go leor a bheith ag argóint leis an réiteoir agus le hoifigigh eile an chluiche. Bíonn siad, dar ndóigh, ag éisteacht leis na daoine fásta! Tá dul chun cinn maith déanta againn ó thaobh oiliúint a chur ar imreoirí óga de agus tá moladh agus aitheantas cuí tuillte ag na hoiliúnóirí. B’fhéidir go bhféadfadh na hoiliúnóirí béim níos láidre a chur ar an tábhacht a bhaineann le meas a chothú sna himreoirí óga ar bhreitheanna na réiteoirí agus oifigigh na gcluichí. Tá sé sin déanta go hiontach maith ag lucht an rugbaí. Déanaimis aithris orthu.
“Ar scáth a chéile a mhairimid”
Séamus Ó Faoláin
30 Meitheamh 2008
Cúrsaí Smachta agus Conspóid
Is féidir a bheith cinnte dearfa de nach mbeidh easpa díospóireachta is argóinte lasánta choíche sa Chumann Lúthchleas Gael. Nuair a léitear ár stair feicimid ón tús go rabhamar cráite le hagóidí agus le hachomhairc. Cuireadh an-mhoill ar chríochnú comórtas dá mbarr. Bhíodh gá go mbeadh “dlíodóir CLG” ag gach club agus gach contae. Bhíodh sé ina shaineolaí amach is amach ar rialacha casta an Treoraí Oifigiúil agus bhíodh Gaeilge ar a thoil aige. Bhíodh stádas faoi leith aige ina cheantar agus an-éileamh ar a chuid scileanna.
Is cuimhin linn go léir an chonspóid faoi Riail 16, an Toirmeasc agus Riail 42, faoi oscailt Pháirc an Chrócaigh do chluichí eile agus an díospóireacht phaiseanta a chruthaigh siad ar feadh na mblianta. Ach i mbliana agus le cúpla bliain anuas, níl amhras ann ach gurb iad cúrsaí smachta an t-ábhar conspóide is mó atá againn. Ghlacamar go fonnmhar leis na CCCCnna go léir suas go dtí an DRA agus cheapamar go raibh deireadh go deo le fadhbanna smachta!
Ach ní hamhlaidh an scéal. I mbliana thosaigh an raic sa chluiche idir Áth Cliath agus an Mhí sa tSraith Náisiúnta nuair a cuireadh dornán peileadóirí ón dá fhoireann ar fionraí ar fhianaise teilifíse. Lean an scéal céanna ar aghaidh sna cluichí craoibhe nuair a cuireadh “réaltaí cáiliúla ar fionraí” ó na contaetha agus na cumhachtaí móra sa pheil, agus an fhianaise chéanna á húsáid.
Pléadh na ceisteanna go mion ar an “Sunday Game”. Bhí tuairimí ag na saineolaithe ar an bpainéal. “Cinnte, bhí cárta dearg tuillte aige” nó ‘níorbh fhiú ach cárta buí an sonc sin. Ní raibh aon mhailís i gceist agus is cluiche fearúil é an cluiche s’againne’. Is colúnaithe nuachtán iad dornán iar-réaltaí peile agus bhí tuairimí láidre acusan freisin faoi réiteoirí, cártaí dearga, cártaí buí, an CCCC, an “Sunday Game”, an aimsir agus cearta peileadóirí! Cháin siad an córas smachta, agus dá mba as a gcontaetha féin na himreoirí, chosain siad go tréan iad. Bhí carachtar na bpeileadóirí á moladh go hard na spéire, fiú sa Dáil agus glacaim leis go raibh na ‘moltóirí’ ag insint na fírinne agus ag iarraidh a bheith cabhraitheach lena muintir féin. Bhí daoine ag cáineadh saineolaithe an “Sunday Game” toisc go bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an CCCC agus toisc go raibh cúrsaí sub judice ag an am.
Nuair a lorgaíodh tuairim an réiteora faoin gcinneadh a rinne sé sa chluiche agus faoin gcárta a thug sé ar an lá, dúradh go raibh brú ar an réiteoir toil an CCCC a shásamh dá dteastódh uaidh (an réiteoir) dul chun cinn a dhéanamh ina shaol mar réiteoir amach anseo. A leithéid d’amadántacht!
Is daoine macánta ionraice iad na réiteoirí agus is daoine uaisle ionraice iad freisin baill na gcoistí éagsúla smachta. Ní theastaíonn uathu éagóir ar bith a dhéanamh ar aon imreoir. Ach tá dualgas orthu cúrsaí smachta a riaradh gan eagla agus ar an bhfianaise atá ós a gcomhair. Mór an trua é, bheadh tráchtairí áirithe sásta an caighdeán ard atá ag na coistí smachta agus ag ár réiteoirí a ísliú ar mhaithe le tairbhe gearrthéarmach.
Bhí áthas orm nuair a thug ár nUachtarán, Nioclás Ó Braonáin, an moladh cuí dár gcóras smachta. Tig linn muinín a bheith againn as agus cabhróidh an fhíric sin go mór le dul chun cinn ár gCumainn.
“Ní neart go cur le chéile”
Séamus Ó Faoláin
14 Iúil 2008